Stair na Gaeilge

Tá an-suntas cultúrtha agus stairiúil bainte leis an Ghaeilge. Tá an Ghaeilge ar na teangacha is sine ní hamháin san Eoraip ach ar fud an domhain. Is teanga Cheilteach í an Ghaeilge, in éineacht leis an Bhreatnais, an Mhanainnis, Gaeilge na hAlban agus an Bhriontáinis. Meastar go bhfuil an Ghaeilge in Éirinn le 2500 anuas. Feictear í scríofa ar chlocha Oghaim ón 5ú hAois ar aghaidh agus tá fianaise ann gur chuireadh tús le scríobh na Gaeilge san aibítear Rómhánach roimh theacht na 7ú hAoise.

Tháinig an Béarla chun cinn mar theanga riarthóireachta agus rialaithe na tíre de dheasca forlámhas Sasana ón 13ú hAois ar aghaidh - ach mhair an Ghaeilge fós mar teanga labhartha tromlach na ndaoine idir 1200 agus 1600. Faraor, le linn an 16ú agus 17ú hAois bhí tionchar an-díobhálach ag na plandálacha, Cogadh an Dá Rí agus achtú na bpéindlithe ar líon labhartha na Gaeilge, agus chuaigh an scéal seo in olcas arís le linn agus ina dhiaidh an Ghorta Mhóir.

Athbheochan na Gaeilge

Thosaigh iarracht dírithe ar athbheochan na Gaeilge ón 19ú hAois ar aghaidh. I measc forbairtí eile, bunaíodh Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge i 1876 a d’oibrigh chun aitheantais a fháil don Ghaeilge taobh istigh den chóras oideachais. Tháinig Conradh na Gaeilge ar an fhód i 1893 ar eascair gluaiseacht mhór tacaíochta don teanga labhartha as. Is iomaí dul chun cinn atá déanta ó shin ó thaobh an ghluaiseacht teanga de.

Tá an Ghaeilge anois mar phríomhtheanga an Stáit agus mar theanga aitheanta san Aontas Eorpach. De réir Daonáireamh 2022 tá an Ghaeilge ag 1.87 milliún duine ó dheas agus tá sí in úsáid ar bhonn laethúil ag 72,000 saoránaigh. Ó thuaidh tá an Ghaeilge ag dul ó neart go neart, le breis agus 40,000 á úsáid ar bhonn laethúil agus beagnach 70,000 a úsáid ar a laghad go seachtainiúil de réir Daonáireamh 1921. Is gné an-suntasach í an Ghaeilge dár bhféiniúlacht náisiúnta agus tá sé de rún againn an grá atá againn don teanga a scaipeadh dóibh siúd atá tagtha chun na tíre Tháinig an Béarla chun cinn mar theanga riarthóireachta agus rialaithe na tíre de dheasca forlámhas Sasana ón 13ú hAois ar aghaidh - ach mhair an Ghaeilge fós mar teanga labhartha tromlach na ndaoine idir 1200 agus 1600. Faraor, le linn an 16ú agus 17ú hAois bhí tionchar an-díobhálach ag na plandálacha, Cogadh an Dá Rí agus achtú na bpéindlithe ar líon labhartha na Gaeilge, agus chuaigh an scéal seo in olcas arís le linn agus ina dhiaidh an Ghorta Mhóir.

0 k

lorem ipsum

Donec pede justo, fringilla vitae, eleifend acer sem

0 k

lorem ipsum

Donec pede justo, fringilla vitae, eleifend acer sem

0

lorem ipsum

Donec pede justo, fringilla vitae, eleifend acer sem

0

lorem ipsum

Donec pede justo, fringilla vitae, eleifend acer sem

Ár Ranganna & Ceardlanna

Ár Ranganna

Tá ranganna Céad Míle Fáilte sultmhar, idirghníomhach, réchúiseach agus is deis iad chun bualadh le daoine eile sa phobal aitiúil. 

Tá muid sásta a fhogairt nach mbeidh costas ar bith ar na ranganna a bhuíochas le maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Ár gceardlanna

Cuireann muid ceardlanna idirghníomhacha ar fáil chomh maith ina dtaispeántar amhráin, damhsa, logainmneacha Gaelacha agus go leor eile!

Ainm an Ranga

Cuir síos gasta ar an rang nó an cheadrlann

Ainm an Ranga

Cuir síos gasta ar an rang nó an cheadrlann

Áiseanna

Nasc chuig an áis nó chuig an PDF

Nasc chuig an áis nó chuig an PDF

Nasc chuig an áis nó chuig an PDF

Nasc chuig an áis nó chuig an PDF

Nasc chuig an áis nó chuig an PDF

Nasc chuig an áis nó chuig an PDF

Nasc chuig an áis nó chuig an PDF

Nasc chuig an áis nó chuig an PDF

Gaeilge